1 Corantaigh 7:16-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Agus cá bhfios duit a bhean, go sábhálfaidh tú d'fhear céile? Agus cá bhfios duitse, a dhuine, go sábhálfaidh tú do bhean?

17. Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.

18. Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeallghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é.

19. Is cuma an timpeallghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád.

20. Fanadh gach duine sa ghairm bheatha ina raibh sé nuair a glaodh air.

21. An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit - ach más féidir duit dul saor, b'fhearr duit an deis a ghlacadh.

22. An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.

23. Ceannaíodh sibh go daor; más ea, ná cuirtear sibh faoi dhaorsmacht daoine.

24. Dá réir sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé mar a bhí sé nuair a fuair sé an glao.

25. Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna.

26. Is é is dóigh liomsa, mar gheall ar strus na huaire, go mb'fhearr do dhuine fanacht mar atá sé.

1 Corantaigh 7