12. Deirim an méid seo leis an gcuid eile - is uaim féin é agus ní ón Tiarna - an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í.
13. Agus an bhean a bhfuil díchreidmheach fir aici agus é sásta cónaí léi, ná scaoileadh sí uaithi é.
14. Mar tá an díchreidmheach fir naomhaithe ag an mbean agus tá an díchreidmheach mná naomhaithe ag an mbráthair: mura mbeadh sin bheadh bhur gclann neamhghlan - ach tá siad naofa dáiríre.
15. Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh.
16. Agus cá bhfios duit a bhean, go sábhálfaidh tú d'fhear céile? Agus cá bhfios duitse, a dhuine, go sábhálfaidh tú do bhean?
17. Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.
18. Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeallghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é.
19. Is cuma an timpeallghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád.
20. Fanadh gach duine sa ghairm bheatha ina raibh sé nuair a glaodh air.
21. An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit - ach más féidir duit dul saor, b'fhearr duit an deis a ghlacadh.
22. An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é.
23. Ceannaíodh sibh go daor; más ea, ná cuirtear sibh faoi dhaorsmacht daoine.