9. An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh
10. ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe - ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.
11. Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.
12. “Tá gach ní ceadaithe dom” - ach ní hé gach ní a théann chun sochair. “Tá gach ní ceadaithe dom” - ach ní mise a bheidh faoi smacht ag aon rud.
13. “Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile” - ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann.