1 Corantaigh 4:19-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Beidh mé chugaibh gan mhoill áfach le cúnamh Dé agus is é éifeacht lucht na mórchúise a bhraithfidh mé ansin agus ní hea a gcuid cainte.

20. Mar ní sa chaint atá ríocht Dé suite ach san éifeacht.

21. Cé acu is rogha libh, mar sin, mé a theacht chugaibh le slat nó mé a theacht le grá agus le spiorad na séimhe?

1 Corantaigh 4