1 Corantaigh 10:24-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa.

25. Aon ní a bhíonn á dhíol ar an margadh, ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa

26. mar “is le Dia an domhan agus a bhfuil ann”.

27. Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa.

1 Corantaigh 10