1 Corantaigh 10:14-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Dá chionn sin, a chairde ionúine, seachnaígí an t‑íoladhradh.

15. Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam á rá:

16. Cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t‑arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é?

17. Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t‑aon arán amháin.

1 Corantaigh 10